Téarmaí Seirbhíse Breise Google Business Profile le haghaidh Páirtithe Gnó

Mionathrú deiridh: 3 Aibreán, 2024

Ceadaíonn Seirbhísí Google Business Profile do pháirtithe gnó próifíl ghnó a chruthú agus a bhainistiú ar Google ("Business Profile").

Chun úsáid a bhaint as Seirbhísí Google Business Profile agus as seirbhís, gné agus feidhmiúlacht ar bith a bhaineann leo (na "Seirbhísí Business Profile"), ní mór do pháirtí gnó glacadh le (1) Téarmaí Seirbhíse Google agus le (2) Téarmaí Seirbhíse Breise Google Business Profile ("Téarmaí Breise Google Business Profile"). I dteannta a chéile, tugtar na "Téarmaí" ar na doiciméid seo. Ní mór don duine aonair atá ag glacadh leis na Téarmaí ar son an pháirtí gnó a bheith ina (h)ionadaí údaraithe de chuid an pháirtí gnó atá liostaithe ar an Business Profile.

Léigh na Téarmaí go cúramach. Sonraítear iontu an méid ar féidir leat a bheith ag súil leis uainn nuair a úsáideann tú ár Seirbhísí Business Profile, an chaoi a gceadúnaímid d'fhaisnéis Business Profile agus a bhféadfaimis í a úsáid, agus an méid a mbímid ag súil leis uaitse. Mar a úsáideadh sna Téarmaí Breise Google Business Profile seo, ciallaíonn "tusa" an páirtí gnó atá ag úsáid na Seirbhísí Business Profile.

Má bhíonn na Téarmaí Breise Google Business Profile seo i gcoinbhleacht le Téarmaí Seirbhíse Google, beidh na Téarmaí Breise Business Profile seo i bhfeidhm le haghaidh Seirbhísí Business Profile.

An méid a bhfuilimid ag súil leis uait

Tá tú freagrach as an bpáirtí atá liostaithe ar do Business Profile. Ciallaíonn sé sin, mar aon leis na rialacha bunúsacha iompair i dTéarmaí Seirbhíse Google a leanúint, nuair atá Seirbhísí Business Profile á n-úsáid agat, ní mór duit:

  • Dlíthe infheidhme agus dea-chleachtais an tionscail a chomhlíonadh nuair atá do pháirtí á oibriú agus á chur chun cinn, lena n-áirítear gach ceadúnas agus ceadú infheidhme a fháil.
  • A chinntiú go bhfuil d'ábhar ceart, cothrom le dáta agus iomlán.
  • Gach séanadh, rabhadh agus fógra riachtanach a sholáthar (nó má bhíonn tú ag brath ar cheann ar bith a sholáthraíonn Google, a chinntiú go bhfuil a ndóthain ann do do pháirtí).
  • Na polasaithe a chomhlíonadh a bhaineann leis na Seirbhísí Business Profile ("Polasaithe"). Faigh tuilleadh faisnéise faoi pholasaithe agus treoirlínte Business Profile.
Modhnóireacht ar d'ábhar agus ábhar eile ar an Business Profile

Níl Google freagrach as do Business Profile. Ach, nuair a bheidh sé glactha chugat féin agat, tuigeann tú go bhfuil an ceart againn, ach gan an oibleagáid, modhnóireacht a dhéanamh ar an ábhar a chuireann tú ar fáil le Seirbhísí Business Profile.

Déanaimid ár ndícheall i gcónaí chun a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis atá i do Business Profile iomlán, ábhartha agus cothrom le dáta ionas go bhfuil sonraí an ghnólachta a thaispeántar ar Google chomh húsáideach agus is féidir duit féin agus dár n-úsáideoirí. Ciallaíonn sé seo go roghnóimid anois is arís gan d'ábhar a thaispeáint (mar shampla, má léiríonn comharthaí iontaoibhe nach bhfuil d'ábhar cruinn). D'fhéadfaimis a roghnú leagan de d'ábhar a cuireadh in eagar nó ábhar ó fhoinse mhalartach a thaispeáint in ionad d'ábhair chomh maith. Faigh tuilleadh faisnéise maidir le conas a fhoinsíonn agus a thaispeánann Google an fhaisnéis in Business Profile.

Do rochtain ar d'ábhar

Coinneoidh tú rochtain ar d'ábhar i Seirbhísí Business Profile de réir na feidhmiúlachta a gcuirtear síos uirthi anseo. Is féidir leat cóip de do shonraí Chuntas Google a easpórtáil (lena n-áirítear sonraí Google Business Profile infheidhme) ag am ar bith.

Chun tuiscint níos fearr a fháil ar conas do Chuntas Google a nuashonrú, a bhainistiú, a easpórtáil agus a scriosadh, faigh tuilleadh faisnéise faoinár bPolasaí Príobháideachais.

An rochtain atá ag Google ar do chuntas

Má údaraíonn tú dúinn é sin a dhéanamh, seans go ndéanfaimid rochtain ar do chuntas chun cabhrú leat do Business Profile a bhainistiú.

Téarmaí cosanta sonraí
A mhéid is infheidhme, beidh Téarmaí Cosanta Sonraí Google idir Rialtóirí ag https://privacy.google.com/businesses/gdprcontrollerterms/ ("Téarmaí Cosanta Sonraí") i bhfeidhm. Ní mhionathróidh Google na Téarmaí Cosanta Sonraí, ach amháin mar a cheadaítear go sainráite faoi na Téarmaí Cosanta Sonraí.
Ceadúnas

Clúdaíonn an ceadúnas seo an fhaisnéis bhunúsach Business Profile a sholáthraíonn tú, má tá an fhaisnéis sin faoi chosaint ag cearta maoine intleachtúla.

Tugann tú ceadúnas do Google atá buan (a chiallaíonn chomh fada agus atá an fhaisnéis sin faoi chosaint ag cearta maoine intleachtúla), do-chúlghairthe, domhanda, gan dleachtanna, agus neamheisiach chun saothair dhíorthacha d'fhaisnéis bhunúsach Business Profile a athchruthú, a oiriúnú, a mhionathrú, a aistriú, a fhoilsiú, a dhéanamh go poiblí, a thaispeáint go poiblí, a dháileadh agus a chruthú (amhail ainm, suíomh, uimhir ghutháin, catagóir, uaireanta agus suíomh gréasáin an pháirtí). D'ainneoin an cheadúnais seo, féadfaidh tú do thoiliú do Google Assistant chun glaonna nó téacsanna uathoibrithe a sheoladh chuig d'uimhir Business Profile, a chealú ag am ar bith. Tuilleadh faisnéise faoi ghlaonna gutháin ó Google Assistant.

Bronnann tú an ceart ar úsáideoirí seirbhísí Google eile chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin agus í a úsáid chomh maith, lena n-áirítear an ceart chun í a chur in eagar, mar a cheadaítear faoi na Téarmaí Seirbhíse Google infheidhme.

Ceadúnaítear an t-ábhar eile ar fad a chuireann tú ar fáil do do Business Profile (amhail grianghraif ghnólachta) le Google faoi Théarmaí Seirbhíse Google.

Táirgí agus seirbhísí eile
D'fhéadfá rochtain a fháil ar tháirgí agus seirbhísí eile laistigh de do chuntas. D'fhéadfadh sé go mbeidh na táirgí agus seirbhísí seo faoi réir a dtéarmaí agus a bpolasaithe féin ar leith, ar rudaí iad a chuirfimid ar fáil duit.
Athruithe ar na téarmaí

Féadfaidh Google athruithe neamhábhartha a dhéanamh ar na Téarmaí seo am ar bith gan fógra. Cuirfidh Google réamhfhógra ar fáil maidir le haon athruithe ábhartha ar na Téarmaí seo. Ní bheidh feidhm chúlghabhálach ag athruithe ar na Téarmaí agus tiocfaidh siad i bhfeidhm 15 lá tar éis a bpostála ar an leathanach seo. Mar sin féin, beidh éifeacht láithreach ag athruithe a dhéanfar ar chúiseanna dlí nó i gcásanna práinneacha amhail mí-úsáid leanúnach a chosc, nuair a thugtar fógra.

Foirceannadh

Forchoimeádann Google an ceart chun do rochtain ar Sheirbhísí Business Profile, nó an úsáid a bhaineann tú astu, a theorannú go hiomlán nó go páirteach, a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh:

  1. Má sháraíonn tú na Téarmaí seo, aon Pholasaí nó dlí(the) infheidhme.
  2. Má cheanglaítear ar Google amhlaidh a dhéanamh chun ceanglas dlí nó ordú cúirte a chomhlíonadh.
  3. Má dhéanann d'iompar dochar do thríú páirtí nó do Google nó más dliteanas dóibh é.

Má chreideann tú gur teorannaíodh do rochtain ar Sheirbhísí Business Profile, gur cuireadh ar fionraí í nó gur foirceannadh í trí dhearmad, déan tagairt don phróiseas achomhairc sna Polasaithe. Féadfaidh tú na Téarmaí seo a fhoirceannadh ag am ar bith ach na bainisteoirí agus an t-ábhar próifíle a bhaint agus, más infheidhme, an gnólacht a mharcáil mar dhúnta go buan. Faigh tuilleadh faisnéise maidir le bainisteoirí agus le hábhar próifíle a bhaint de Business Profile.

Ceisteanna nó gearáin
Má tá aon cheisteanna nó gearáin agat maidir le Google Business Profile, is féidir leat dul go dtí ár Lárionad Cabhrach nó is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn. Má chreideann tú gur foirceannadh do rochtain ar Google Business Profile nó gur cuireadh ar fionraí í trí dhearmad, is féidir leat achomharc a dhéanamh.
Réitigh conspóidí
Más úsáideoir gnólachta thú atá lonnaithe san AE nó sa Ríocht Aontaithe, is féidir leat cur isteach ar chonspóid a réiteach faoi na Téarmaí seo le headráin. Aimsigh tuilleadh sonraí maidir leis na hidirghabhálaithe a bhfuilimid toilteanach dul i ngleic leo agus treoracha maidir le conas eadráin a iarraidh anseo. Ach amháin de réir mar a éilíonn an dlí infheidhme, bíonn an eadráin deonach agus níl tusa ná Google faoi cheangal conspóidí a réiteach trí eadráin.
Fadhbanna a chur in iúl do na húdaráis phoiblí.
Ní chuireann aon rud sna Téarmaí seo cosc ort fadhbanna a chur in iúl d'aon údarás poiblí ábhartha maidir le neamhchomhlíonadh leis an dlí. A mhéid is nach dtagann an rannán seo le cuid ar bith eile de na Téarmaí, rialóidh an rannán seo.

Acmhainní gaolmhara

Need more help?

Try these next steps:

Cuardach
Glan an cuardach
Dún an cuardach
Príomh-roghchlár
9919642330384228866
true
Search Help Center
true
true
true
true
true
99729
false
false
false