Is cineál IS an Intleacht Shaorga (IS) Ghiniúnach ar féidir léi cabhrú leat ábhar a chruthú. Is féidir léi cabhrú leat a bheith níos cruthaithí, níos táirgiúla agus níos eolaí.
San alt seo, is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil faoi IS giniúnach, lena n-áirítear:
- An rud is IS giniúnach ann agus an chaoi a n-oibríonn sé
- An chaoi le IS giniúnach a úsáid agus cruinneas a chuid freagraí a mheas
- An chaoi a bhforbraíonn Google IS
Cén rud é IS giniúnach
Is cineál samhla meaisínfhoghlama é IS giniúnach. Ní daonnaí é IS giniúnach. Níl cumas smaointeoireachta as a stuaim féin aige ná taithí ar mhothúcháin a aireachtáil. Ach tá sé go hiontach ag aimsiú patrún.
San am atá caite, úsáideadh IS le ciall a bhaint as faisnéis agus faisnéis a mholadh. Anois, is féidir le IS giniúnach cabhrú linn ábhar nua a chruthú freisin, amhail íomhánna, ceol agus cód.
An chaoi a n-oiltear samhlacha meaisínfhoghlamaFoghlaimíonn samhlacha meaisínfhoghlama, lena n-áirítear IS giniúnach, trí phróiseas breathnóireachta agus meaitseála patrúin, a dtugtar oiliúint air. Le go mbeadh tuiscint ag samhail ar an rud is bróga reatha ann, oiltear í leis na milliúin grianghraf de bhróga reatha. Le himeacht ama, tuigeann sí gur rudaí iad bróga reatha, ar a mbíonn iallacha, boinn agus lógó, a chaitheann daoine ar a gcosa.
Is féidir leis an tsamhail oiliúint a úsáid chun:
- Ionchur amhail "Gin íomhá de bhróga reatha ar a bhfuil briocht gabhair" a thógáil.
- An méid atá foghlamtha aici faoi bhróga reatha, gabhair agus briochtaí a cheangal le chéile.
- Íomhá a ghiniúint, fiú mura bhfuil íomhá mar sin feicthe aici roimhe sin.
Is cuid den teicneolaíocht chéanna iad IS giniúnach agus Samhlacha Teanga Mhór (STManna). Is féidir IS giniúnach a oiliúint ar chineál sonraí ar bith, ach úsáideann STManna focail mar a bpríomhfhoinse sonraí oiliúna.
Is féidir le heispéiris atá cumhachtaithe ag STManna, amhail Gemini agus Forléargais IS, na chéad fhocail fhéideartha eile a thuar bunaithe ar leid uait agus ar an téacs atá ginte acu go dtí sin. Tugtar solúbthacht dóibh na chéad fhocail dhóchúla eile a roghnú a mheaitseálann na patrúin a fhaigheann siad ón oiliúint. Ligeann an tsolúbthacht sin dóibh freagraí cruthaitheacha a ghiniúint.
Má iarrann tú orthu an frása "Harry [bearna]" a líonadh isteach, seans go dtuarfaidh siad gurb é "Styles" nó "Potter" an chéad fhocal eile.
An chaoi le IS giniúnach a úsáid
Tábhachtach: Is féidir le heispéiris Google atá faoi thiomáint ag IS giniúnach cabhrú leat tús a chur leis an bpróiseas cruthaitheach. Níl sé mar sprioc acu an obair ar fad a dhéanamh duit ná gníomhú mar chruthaitheoir.
Seo duit 3 bhealach ar féidir leat IS giniúnach a úsáid:
- Do chuid smaointe cruthaitheacha a chur i gceann a chéile. Mar shampla, cabhair a fháil le réamhscéal a scríobh don scannán is rogha leat.
- Ceisteanna a chur, ar cheap tú nach raibh freagra orthu. Amhail, "Cé acu a tháinig ar dtús, an sicín nó an ubh?"
- Cabhair sa bhreis a fháil. Iarr air teideal a mholadh do scéal atá scríofa agat, nó cabhair a fháil chun speiceas ainmhí nó feithidí a aithint in íomhá.
As you explore, create, and learn new things with Generative AI, it's important to use it responsibly. For details, review our Generative AI Prohibited Use Policy.
Is cinnte go ndéanfaidh IS botúin, rud is féidir a bheith ag súil leisÓs rud é go bhfuil IS giniúnach fós ag céim thurgnamhach agus ina shaothar idir lámha, is cinnte go dtarlóidh botúin, rud is féidir a bheith ag súil leis:
- Seans go gcumfaidh sé rudaí. Nuair a chumann IS giniúnach freagra, tugtar siabhránacht air. Bíonn ann don tsiabhránacht mar, murab ionann agus Cuardach Google, a fhaigheann faisnéis ón nGréasán, ní bhailíonn STManna aon fhaisnéis. Ina áit sin, tuarann STManna na chéad fhocail eile a thiocfaidh bunaithe ar ionchuir an úsáideora.
- Mar shampla, d'fhéadfá a fhiafraí, "Cé atá chun gleacaíocht na mban a bhuachan ag Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh in Brisbane 2032?" agus freagra a fháil, cé nár tharla an t-imeacht go fóill.
- Seans go mbainfidh sé míbhrí as rudaí. Uaireanta, baineann táirgí IS ghiniúnaigh míbhrí as teanga, a athraíonn an bhrí.
- Mar shampla, seans go mbeidh fonn ort tuilleadh faisnéise a fháil faoi rí, fear a bhíonn i gceannas ar thír. Má iarrann tú faisnéis faoi rí, seans go n-inseoidh sé duit faoi íochtar na láimhe ar a dtugtar rí.
Smaoinigh go criticiúil faoi na freagraí a fhaigheann tú ó uirlisí IS ghiniúnaigh. Úsáid Google agus acmhainní eile chun faisnéis a chuirtear i láthair mar fhíricí a sheiceáil.
Má thagann tú ar rud éigin nach bhfuil ceart, tuairiscigh é. Tá uirlisí tuairiscithe ag go leor dár dtáirgí IS ghiniúnaigh. Cabhraíonn d'aiseolas linn na samhlacha a bheachtú chun eispéiris IS ghiniúnaigh a fheabhsú do gach duine.
Tá ár ngnéithe cóid ghiniúnaigh trialach go fóill agus tá tú freagrach as an tslí a n-úsáideann tú cóid mholta nó míniúcháin maidir le ríomhchlárú. Úsáid do lánrogha féin, tástáil agus athbhreithnigh go stuama an cód ar fad ar bhaol earráidí, fabhtanna agus laigí sula gcuireann tú muinín ann. Is ortsa atá an fhreagracht aon cheanglais cheadúnais a chomhlíonadh, mar shampla nuair a thugaimid luanna do stórlanna cód foinse oscailte. Tuilleadh faisnéise.
An chaoi a bhforbraíonn Google IS
Chun a chinntiú go dtógfaimid uirlisí a dhéanann an domhan níos fearr do gach duine, d'fhorbraíomar sraith prionsabal IS in 2018. Déanann na prionsabail sin cur síos ar na spriocanna atá againn chun teicneolaíocht cheannasach a fhorbairt ar féidir léi dul i ngleic le roinnt de na dúshláin is mó sa tsochaí ar bhealach freagrach.
Mar shampla, úsáidimid IS chun:
- Tacú le hiarrachtaí srian a chur leis an athrú aeráide, amhail trácht ar réchasadh a laghdú chun astaíochtaí feithiclí a ísliú
- Tubaistí nádúrtha a thuar nó monatóireacht a dhéanamh orthu, amhail tuilte a thuar i níos mó ná 20 tír agus teorainneacha fíor-ama falscaithe a rianú
- Tacú le nuálaíochtaí cúraim sláinte, amhail scagthástáil eitinne a dhéanamh níos inrochtana agus cabhrú le brath luath na hailse cíche
Déanann ár bprionsabail liosta de na réimsí nach dtabharfaimid fúthu le IS, amhail teicneolaíochtaí atá ina gcúis le dochar foriomlán nó le sárú ar an dlí idirnáisiúnta agus cearta daonna.
Seiceáil ár liosta iomlán de phrionsabail IS.
To develop and improve generative AI experiences in Search and the related machine learning technologies, Google uses people's interactions with Search and these AI experiences. This can include interactions like what people search for and what feedback they provide to Google. With user feedback and human reviews, we evaluate and improve the quality of our results and products responsibly.
When trained reviewers work to improve the quality of Search’s machine learning models, we take a number of precautions to protect users’ privacy:
- Data that reviewers see and annotate are disconnected from users’ accounts.
- Automated tools help recognize and remove a broad range of identifying info and sensitive personal information.