Ábhar Míchuí a Thuairisciú
Ríomhaire
Léirmheasanna míchuí a thuairisciú
- Téigh chuig Google Maps.
- Cuardaigh gnólacht faoina ainm nó faoina sheoladh.
- Roghnaigh an gnólacht ó na torthaí cuardaigh.
- Ar an leathanach Gnólachta, roghnaigh "Léirmheasanna".
- Scrollaigh chuig an léirmheas a bhfuil fonn ort a thuairisciú.
- Cliceáil "Roghchlár"
"Tuairiscigh Léirmheas".
- San fhuinneog atá le feiceáil, comhlánaigh an fhoirm.
- Cliceáil "Cuir isteach".
Grianghraif agus físeáin mhíchuí a thuairisciú
- Téigh chuig Google Maps.
- Cuardaigh an gnólacht agus roghnaigh é ó na torthaí.
- Sa phainéal ar thaobh na láimhe clé, cliceáil aon ghrianghraf nó físeán. Má tá grianghraif nó físeáin éagsúla ann, scrollaigh tríothu go dtí go bhfeiceann tú an grianghraf nó an físeán a bhfuil fonn ort a thuairisciú.
- Ag an mbarr ar chlé, cliceáil "Roghchlár"
"Tuairiscigh fadhb".
- San fhuinneog atá le feiceáil, comhlánaigh an fhoirm.
- Cliceáil "Cuir isteach".
Ceisteanna agus freagraí míchuí a thuairisciú
- Téigh chuig Google Maps.
- Cuardaigh an gnólacht agus roghnaigh é ó na torthaí.
- Sa phainéal ar thaobh na láimhe clé, scrollaigh síos chuig an rannán "Ceisteanna agus Freagraí" agus cliceáil "Tuilleadh Ceisteanna".
- Roghnaigh an Cheist nó an Freagra a bhfuil fonn ort a thuairisciú agus tapáil
agus cliceáil "Tuairiscigh Ceist/Tuairiscigh Freagra".
- Líon isteach an fhoirm atá le feiceáil agus cliceáil "Cuir Tuairisc Isteach".
Guthán póca
Chun léirmheas a thuairisciú
- Oscail an aip Google Maps.
- Cuardaigh an gnólacht agus roghnaigh é ó na torthaí.
- Svaidhpeáil ar dheis go dtí go bhfeiceann tú an rannán léirmheasanna.
- Tapáil an léirmheas a bhfuil fonn ort a thuairisciú agus scrollaigh síos go dtí go bhfeiceann tú
agus roghnaigh "Tuairiscigh Léirmheas".
- San fhuinneog atá le feiceáil, comhlánaigh an fhoirm.
- Tapáil "Cuir isteach".
Grianghraif agus físeáin mhíchuí a thuairisciú
- Oscail an aip Google Maps.
- Cuardaigh an gnólacht agus roghnaigh é ó na torthaí.
- Svaidhpeáil ar dheis go dtí go bhfeiceann tú an grianghraf nó an físeán a bhfuil fonn ort a thuairisciú.
- Tapáil an grianghraf nó an físeán
"Tuairiscigh"
ag an mbun ar dheis.
- San fhuinneog atá le feiceáil, comhlánaigh an fhoirm.
- Tapáil "Cuir isteach".
Ceisteanna agus freagraí míchuí a thuairisciú
- Oscail an aip Google Maps.
- Cuardaigh an gnólacht agus roghnaigh é ó na torthaí.
- Scrollaigh chuig an rannán "Ceisteanna agus Freagraí" agus tapáil "Féach ar na ceisteanna ar fad".
- Roghnaigh an Cheist nó an Freagra a bhfuil fonn ort a thuairisciú.
- In aice leis an gceist nó leis an bhfreagra, tapáil "Tuilleadh"
.
- Tapáil "Tuairiscigh ceist" nó "Tuairiscigh freagra".
Cad ba cheart duit a bheith ag súil leis tar éis duit léirmheas nó meáin a thuairisciú
Tá gné againn ar an aip Google Maps inar féidir leat do thuairiscí le haghaidh léirmheasanna nó meán a rianú. Cuireann an rannán "Tuairiscí" amharc ar fáil ar na léirmheasanna nó meáin ar fad a tuairiscíodh. D'fhéadfaí nach mbeadh rochtain ar thuairiscí a rinneadh sula raibh an ghné sin ar fáil. D'fhéadfadh an stádas tuairisce a bheith éagsúil ag brath ar a céim, agus feicfidh tú ceann de na nuashonruithe seo a leanas:
- Tuairisc á próiseáil: Fuaireamar do thuairisc.
- Baineadh an t-ábhar: Baineadh an t-ábhar a tuairiscíodh de Maps.
- Níor baineadh an t-ábhar: Níor baineadh an t-ábhar toisc gur cuireadh srian ar do chuntas nó toisc nach bhfuil dóthain faisnéise againn chun tacú leis an mbaint.
- Aischuireadh an t-ábhar: Aischuireadh an t-ábhar toisc go bhfuaireamar faisnéis nua chun tacú lena aischur.
- Cealaíodh an Tuairisc: Cuireadh an t-ábhar nó an áit in eagar nó baineadh é/í agus cealaíodh do thuairisc.
Mura mbainfimid an t-ábhar a thuairiscigh tú, d'fhéadfá a bheith incháilithe chun achomharc amháin a chur isteach. D’fhéadfadh sé go mbeadh roghanna réitithe breise ar fáil. Faigh tuilleadh faisnéise faoi Roghanna Réitithe an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha de chuid an Aontais Eorpaigh.
Tabhair faoi deara: Forchoimeádaimid an ceart ábhar a chur ar ais nó a bhaint anuas, is cuma ar glacadh nó nár glacadh le do thuairisc.
D'ábhar a réiteach
Ríomhaire
Chun léirmheas a chur in eagar nó a scriosadh
- Téigh chuig Google Maps.
- Cliceáil "Roghchlár"
ar an gcúinne ag an mbarr ar chlé.
- Sa phainéal ar thaobh na láimhe clé, cliceáil "D'Ionchur" agus roghnaigh "Léirmheasanna".
- Roghnaigh an léirmheas a bhfuil fonn ort a chur in eagar, cliceáil "Roghchlár"
agus roghnaigh ceann amháin de na 3 rogha "Cuir Léirmheas in Eagar", "Scrios Léirmheas" nó "Cuir Grianghraf Leis".
- Má roghnaíonn tú "Cuir Léirmheas in Eagar", ansin san fhuinneog atá le feiceáil, comhlánaigh an fhoirm. Cliceáil "Postáil".
- Má roghnaíonn tú "Scrios Léirmheas", ansin san fhuinneog atá le feiceáil, deimhnigh an rogha "Scrios".
- Má roghnaíonn tú "Cuir Grianghraf Leis", ansin san fhuinneog atá le feiceáil, roghnaigh an grianghraf nó an físeán a bhfuil fonn ort a chur leis agus cliceáil "Roghnaigh".
Chun grianghraf nó físeán a scriosadh
- Téigh chuig Google Maps.
- Cliceáil "Roghchlár"
ar an gcúinne ag an mbarr ar chlé.
- Sa phainéal ar thaobh na láimhe clé, cliceáil "D'Ionchur" agus roghnaigh "Grianghraif".
- Roghnaigh an grianghraf nó an físeán a bhfuil fonn ort a scriosadh, cliceáil "Roghchlár"
agus cliceáil "Scrios an grianghraf seo" nó "Scrios an físeán seo", ansin san fhuinneog atá le feiceáil, roghnaigh "Scrios".
Guthán póca
Chun léirmheas a chur in eagar nó a scriosadh
- Oscail an aip Google Maps.
- Cliceáil an cnaipe "Próifíl" ar an gcúinne ag an mbarr ar dheis.
- Sa roghchlár atá le feiceáil, roghnaigh "Do Phróifíl".
- Tapáil an léirmheas a bhfuil fonn ort a chur in eagar
agus roghnaigh "Cuir Léirmheas in Eagar" nó "Scrios Léirmheas".
- Má roghnaíonn tú "Cuir Léirmheas in Eagar", ansin san fhuinneog atá le feiceáil, comhlánaigh an fhoirm agus tapáil "Postáil".
- Má roghnaíonn tú "Scrios Léirmheas", ansin san fhuinneog atá le feiceáil, tapáil "Tá".
Chun grianghraf nó físeán a chur in eagar nó a scriosadh
- Oscail an aip Google Maps.
- Cliceáil an cnaipe "Próifíl" ar an gcúinne ag an mbarr ar dheis.
- Sa roghchlár atá le feiceáil, roghnaigh "Do Phróifíl" agus ansin tapáil "Féach ar gach Grianghraf".
- Tapáil an grianghraf nó an físeán a bhfuil fonn ort a chur in eagar nó a scriosadh.
- Chun é a scriosadh tapáil
- Chun fotheidil a chur leis an ngrianghraf nó leis an bhfíseán, tapáil
, cuir fotheidil leis agus tapáil
- Chun é a scriosadh tapáil
Chun ceist nó freagra a chur in eagar nó a scriosadh
- Oscail an aip Google Maps.
- Cliceáil an cnaipe "Próifíl" ar an gcúinne ag an mbarr ar dheis.
- Sa roghchlár atá le feiceáil, roghnaigh "Do Phróifíl" agus ansin scrollaigh síos chuig "Ionchur Eile" agus tapáil "Ceisteanna agus Freagraí".
- Tapáil an cheist nó an freagra a bhfuil fonn ort a chur in eagar nó a scriosadh.
- Chun í/é a scriosadh, tapáil "Scrios Ceist" nó "Scrios Freagra".
- Chun Freagra a chur in eagar – tapáil an Freagra a bhfuil fonn ort a chur in eagar agus ansin cliceáil
agus, nuair a bheidh an freagra curtha in eagar agat, tapáil "Sábháil".
- Chun Ceist a chur in eagar – tapáil an Cheist a bhfuil fonn ort a chur in eagar
agus tapáil "Cuir Ceist in Eagar". Nuair a bheidh an cheist curtha in eagar agat, tapáil "Sábháil".