Ábhar toirmiscthe agus srianta

Ábhar agus iompar mealltach

Caidreamh bréige

Ba cheart go mbeidh aon ionchur ar Google Maps ina léiriú ar fhíoreispéireas in áit nó i ngnólacht. Ní cheadaítear caidreamh bréige agus bainfear é.

Áirítear leis sin:

  • Ábhar nach bhfuil bunaithe ar fhíoreispéireas agus nach léiríonn go cruinn an suíomh nó an táirge atá i gceist. 
  • Ábhar a postáladh mar gheall ar dhreasacht a thairg gnólacht – amhail íocaíocht, lascainí, earraí agus/nó seirbhísí gan chostas.
    • Áirítear leis sin ábhar a postáladh i ndiaidh iarratas ar athbhreithniú nó ar bhaint léirmheasa dhiúltaigh a fháil mar chúiteamh ar dhreasacht.
  • Ábhar a postáladh ó chuntais iomadúla chun rátáil áite a chúbláil.
  • Ábhar a postáladh le haithriseoir nó seirbhís eile a chuireann isteach ar ghléas, córas oibriúcháin mionathraithe nó modh eile a dhéanann aithris ar chaidreamh gníomhach iontaofa, a chúblálann sonraí nó torthaí braiteora nó a stopann gnáthoibríochtaí ar shlí eile nó a chuireann isteach orthu.

cheadaímid do dhíoltóirí an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Postáil ábhair, nach dtugann léargas ar eispéireas iontaofa, a iarraidh nó a spreagadh.
  • Dreasachtaí – amhail íocaíocht, lascainí, earraí agus/nó seirbhísí gan chostas – a thairiscint mar chúiteamh ar aon léirmheas nó aon athbhreithniú a phostáil nó ar aon léirmheas diúltach a bhaint.
  • Léirmheasanna diúltacha a dhíspreagadh nó a chosc, nó léirmheasanna dearfacha a iarraidh go roghnach ó chustaiméirí
  • Ábhar a phostáil faoi áit iomaitheora chun an bonn a bhaint de cháil an ghnólachta nó an táirge sin.

Ceadaímid do dhíoltóirí an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Postáil ábhair a thugann léargas ar eispéireas iontaofa a iarraidh nó a spreagadh, gan dreasachtaí, chun a leithéid a dhéanamh, a thairiscint.
Pearsanú

Téann úsáid Google Maps chun daoine eile a chur amú in aghaidh an spioraid d'fhaisnéis úsáideach a sheachadadh chun cuidiú le húsáideoirí agus iad ag breathnú ar an domhan thart timpeall orthu. Ná húsáid Google Maps chun aon duine, grúpa ná eagraíocht a phearsanú.

Áirítear leis sin:

  • Ábhar a phostáiltear nó a chomhroinntear a dhéanann pearsanú ar aon duine, grúpa nó eagraíocht.
  • Ábhar a ligeann air gur foinse údarásach fhíoraithe é.

Ceadaímid ábhar a bhfuil ainmneacha eile ann do dhuine nó d'eagraíocht nuair nach ndéanann an t-ábhar iarracht daoine eile a chur amú.

Mífhaisnéis

Is féidir le faisnéis atá bréagach, míchruinn nó míthreorach dochar suntasach a dhéanamh do dhaoine aonair, do ghnólachtaí agus don tsochaí. Ar an gcúis sin, ní ligimid d'úsáideoirí mífhaisnéis a phostáil.

Áirítear leis sin:

  • Ábhar díobhálach ina bhfuil faisnéis mhealltach nó mhíthreorach sláinte nó leighis.
  • Ábhar díobhálach ina bhfuil faisnéis mhealltach nó mhíthreorach maidir le próisis shibhialta.
  • Ábhar díobhálach d'imeachtaí in-nuachta nó dioscúrsa sibhialta a cúbláladh chun dallamullóg a chur ar úsáideoirí nó chun iad a chur amú.

Ceadaímid ábhar ó fhoinsí údarásacha infhíoraithe.

Míléiriú

Is féidir tionchar a bheith ag faisnéis mhíthreorach ar cháilíocht na faisnéise ar Google Maps. Ar an gcúis sin, ní ligimid do dhaoine aonair Google Maps a úsáid chun daoine eile a chur amú nó dallamullóg a chur orthu nó chun míléiriú a dhéanamh.

Áirítear leis sin:

  • Cuntais bhréagacha nó mhíthreoracha ar chur síos nó ar cháilíocht earra nó seirbhíse.
  • Fíricí a shaobhadh nó a fhágáil ar lár chun caimiléireacht a dhéanamh ar úsáideoirí eile.
  • Faisnéis a d'fhéadfadh tionchar míchuí a imirt ar chinnteoireacht úsáideoirí a shaobhadh nó a fhágáil ar lár.
  • Ábhar atá bunaithe ar choinbhleacht leasa.
  • Ábhar a phostáil a chuireann ar úsáideoirí faisnéis faoi rún a nochtadh trí chleasaíocht, nó bogearraí mailíseacha nó nach dteastaíonn a íoslódáil, nó a dhéanann fioscaireacht nó dreasacht orthu.

Ábhar agus iompar míchuí

Ciapadh

Ní ligimid d'úsáideoirí ábhar a phostáil chun daoine nó gnólachtaí eile a chiapadh ná chun daoine eile a spreagadh chun ciapadh a dhéanamh.

Áirítear leis sin:

  • Ábhar ina bhfuil bagairt shonrach díobhála i gcoinne daoine aonair nó grúpaí sainithe daoine a chuirfeadh eagla ar dhuine réasúnach maidir lena s(h)ábháilteacht nó lena s(h)láinte mheabhrach nó fhisiciúil.
  • Docsáil.
  • Ábhar as a dtagann gnéasú nó oibiachtú duine gan iarraidh, lena n-áirítear maímh faoi ghníomhaíochtaí gnéasacha, claonadh gnéis nó féiniúlacht inscne duine.
Fuathchaint

Tá táirgí Google Maps deartha chun cabhrú le húsáideoirí a mbealaí a dhéanamh agus breathnú ar an domhan thart timpeall orthu. Ag Google, creidimid go bhfuil an ceart ag gach duine, beag beann ar chine, eitneacht, reiligiún, míchumas, aois, náisiúntacht, stádas iarshaighdiúra, claonadh gnéis, inscne, féiniúlacht inscne, sainaicme nó aon stádas cosanta eile, rochtain a fháil ar fhaisnéis agus a bheith rannpháirteach ina malartú gan fuathchaint a fhulaingt.

Ná déan aon ábhar a chuimsíonn aon chineál fuathchainte a phostáil ná a chomhroinnt.

Áirítear leis sin:

  • Treoracha chun gnímh díreacha chun foréigean a dhéanamh i gcoinne daoine aonair nó grúpaí faoi chosaint.
  • Ábhar a dhídhaonnaíonn nó a dhéanann beag is fiú de dhaoine aonair nó de ghrúpaí, nó a aithisíonn daoine aonair nó grúpaí bunaithe ar shaintréith chosanta.

Ceadaímid ábhar a chuimsíonn tagairt do dhuine aonair nó do ghrúpa faoi chosaint ar bhealach dearfach.

Ábhar déistineach

Ba cheart gur áit mheasúil é Google Maps – fiú in easaontas – i measc úsáideoirí. Ar an gcúis sin, ní ligimid d'úsáideoirí ábhar déistineach a phostáil.

Áirítear leis sin:

  • Táirgí Google a úsáid chun ionsaí a dhéanamh ar dhaoine aonair nó ar ghrúpaí eile.
  • Ábhar atá gríosaitheach go soiléir agus d'aon ghnó.
  • Líomhaintí gan chruthú maidir le hiompar mí-eiticiúil nó éagóir choiriúil.

Ceadaímid ábhar a dhéanann cur síos ar eispéiris dhiúltacha ar bhealach measúil.

Faisnéis phearsanta

Ná dáil agus ná postáil faisnéis phearsanta gan toiliú.  Sainmhínítear faisnéis phearsanta mar fhaisnéis a bhaineann le duine inaitheanta atá beo agus ar féidir go mbeadh riosca dochair ann dó nó di mar thoradh ar fhaisnéisiú má haiceáiltear nó má mhí-úsáidtear an fhaisnéis sin. Áirítear leis sin: 

  • Ábhar ina bhfuil faisnéis phearsanta duine éigin eile a postáladh gan toiliú a fháil uaidh nó uaithi, amhail: ainm iomlán/sloinne, aghaidh an duine le feiceáil i ngrianghraf nó i bhfíseán nó faisnéis eile a tuairiscíodh mar fhaisnéis a postáladh gan toiliú. 
  • Faisnéis lena n-aithnítear duine go pearsanta agus faisnéis phearsanta eile maidir leat féin nó daoine eile lena n-áirítear faisnéis airgeadais, faisnéis leighis nó faisnéis aitheantais phearsanta. 

Ceadaímid do dhíoltóirí faisnéis teagmhála a bhaineann lena ngnólacht a phostáil, lena n-áirítear sonraí gutháin, seoladh ríomhphoist nó leasainmneacha meán sóisialta.

Chomh maith leis sin, ceadaímid ainm iomlán duine más cuid den pháirtí gnó aitheanta nó fógartha é, nó más gairmí poiblí atá ann a bhfuil gnó á dhéanamh aige nó aici faoina (h)ainm féin. 

Má chreideann tú gur postáladh d'fhaisnéis phearsanta gan toiliú a fháil uait, lean na treoracha seo chun bratach a chur leis an léirmheas.

Gáirsiúlacht agus eascaine

Bainfimid ábhar gáirsiúil agus graosta atá ar Google Maps.

Áirítear leis sin:

  • Ábhar a úsáideann eascaine nó gáirsiúlacht chun fearg a chur ar úsáideoirí eile nó chun béim a chur ar cháineadh.

Ceadaímid úsáidí neamhurchóideacha as focail a d'fhéadfaí a áireamh mar eascaine i gcomhthéacsanna eile.

Ábhar gáirsiúil

Is áit le breathnú go sábháilte ar an domhan thart timpeall orainn é Google Maps. Ar an gcúis sin, ní cheadaímid ábhar gáirsiúil.

Áirítear leis sin:

  • Pornagrafaíocht nó léiriú gníomhartha gnéis, ball giniúna nó feitisí atá beartaithe chun sásamh gnéasach a thabhairt.
  • Ábhar a chuimsíonn baill ghiniúna nochta.
  • Ábhar a ghlóiríonn nó a chuireann béistiúlacht chun cinn.
  • Ábhar a ghlóiríonn nó a chuireann ábhar nó iompar gáirsiúil chun cinn.

Is féidir go gceadóimid ábhar a mheastar a bheith gáirsiúil ar shlí eile chun críche oideachasúla, doiciméadaí, eolaíche nó ealaíonta má bhaineann an t-ábhar leis an bpointe spéise agus má chuirtear faisnéis dhóthanach ar fáil d'úsáideoirí chun an comhthéacs a thuiscint.

Ábhar d'aosaigh

Is áit é Google Maps inar féidir le húsáideoirí faisnéis úsáideach agus oiriúnach a fháil. Ar an gcúis sin, ní cheadaímid ábhar d'aosaigh.

Áirítear leis sin:

  • Pornagrafaíocht neamhgháirsiúil nó aon ábhar atá beartaithe chun sásamh gnéasach a thabhairt.
  • Aon ábhar a ghnéasaíonn rudaí neamhbheo.
  • Staidiúirí atá gáirsiúil go hoscailte ina bhfuil an tsuibiacht nocht nó doiléir, nó ina bhfuil méid fíorbheag éadaí air nó uirthi.
  • Ábhar neamhthráchtála a bhaineann le bréagáin ghnéis.

Is féidir go gceadóimid ábhar a mheastar a bheith d'aosaigh ar shlí eile chun críche oideachasúla, doiciméadaí, eolaíche nó ealaíonta má bhaineann an t-ábhar leis an bpointe spéise agus má chuirtear faisnéis dhóthanach ar fáil d'úsáideoirí chun an comhthéacs a thuiscint.

Is féidir go gceadóimid daoine aonair nach bhfuil a lán éadaí orthu a chur i láthair ar bhealach neamhghnéasach.

Is féidir go gceadóimid suíomh gréasáin gnólachta dlisteanach a bhfuil ábhar d'aosaigh le fáil air má tá seirbhísí ábhartha d'aosaigh á gcur ar fáil ag an ngnólacht.

Foréigean agus folracht

Ar Google Maps, déanaimid ár ndícheall a chinntiú go mbainfidh eispéireas dearfach leis an bhfaisnéis a chuirimid ar fáil dóibh siúd a úsáideann ár dtáirge. Ar an gcúis sin, ní cheadaímid ábhar foréigneach nó fuilteach a bhaineann le daoine nó le hainmhithe.

Áirítear leis sin:

  • Ábhar foréigneach nó fuilteach a bhaineann le daoine nó le hainmhithe a bheartaítear a bheith uafásach, gáifeach nó gan chúis.
  • Foréigean glinn a chuimsíonn méideanna ábhartha fola, gortuithe tromchúiseacha nó bás d'ainmhithe nó do dhaoine.
  • Ábhar a chuimsíonn cruálacht ar ainmhithe.
Ábhar srianta

I gcás roinnt táirgí nó seirbhísí atá faoi réir rialuithe agus rialacháin áitiúla, ní mór duit treoirlínte áirithe a leanúint agus ábhar á phostáil. Níl cead treoracha chun gnímh nó tairiscintí chun táirgí nó seirbhísí a dhíol atá faoi réir rialacháin áitiúla dlí a bheith san ábhar a uaslódálann tú. Áirítear leis sin na rudaí seo a leanas, ach níl sé teoranta dóibh: alcól, cearrbhachas, tobac, gunnaí, feistí sláinte agus leighis, cógaisíocht rialáilte, seirbhísí d'aosaigh agus seirbhísí airgeadais.

Níor cheart go dtaispeánfadh an t-ábhar:

  • Naisc le leathanach lamairne inar féidir earraí nó seirbhísí srianta a cheannach.
  • Seoladh ríomhphoist agus/nó uimhreacha gutháin chun teagmháil a dhéanamh leis/leo chun earraí srianta a cheannach.
  • Tairiscintí promóisin ar earraí nó ar sheirbhísí srianta. Mar shampla, níor cheart duit ábhar a uaslódáil a thaispeánann tairiscintí, cúpóin, faisnéis phraghsála nó promóisin eile do tháirge srianta nó do sheirbhís shrianta.

Tabhair faoi deara go bhfuil léirithe teagmhasacha de na táirgí sin eisiata ón bpolasaí seo. Cuimsítear sna samplaí:

  • Íomhánna de bhiachláir.
  • Íomhánna ina bhfuil deochanna alcólacha nach bhfuil an príomhfhócas orthu.
Ábhar contúirteach

Is áit le haghaidh cumarsáid shábháilte idir úsáideoirí é Google Maps. Ar an gcúis sin, ní ligimid d'úsáideoirí ábhar contúirteach a phostáil.

Áirítear leis sin:

  • Ábhar a éascaíonn nó a spreagann mórdhíobháil fhisiciúil do shláinte, do shábháilteacht, do mhaoin, d'ainmhithe nó don chomhshaol.
  • Ábhar a chuireann gníomhaíochtaí contúirteacha chun cinn a bhféadfadh díobháil choirp thromchúiseach a bheith mar thoradh orthu don duine a dhéanann an gníomh, dóibh siúd atá thart timpeall ar an duine sin nó d'ainmhithe.
  • Ábhar a spreagann mionaoisigh chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí contúirteacha nó chun úsáid a bhaint as earraí contúirteacha.
  • Ábhar a éascaíonn mí-úsáid earraí atá contúirteach iontu féin.
  • Ábhar teagaisc maidir le cruthú nó ullmhú earraí contúirteacha.

Ceadaímid plé ginearálta ar earraí, ar sheirbhísí nó ar ghníomhaíochtaí a d'fhéadfadh a bheith díobhálach nó contúirteach fad is nach bhfuil cur chun cinn nó treoracha maidir lena n-úsáid dhíobhálach san áireamh sa phlé.

Ábhar mídhleathach

Ní ghlacaimid le hábhar atá mídhleathach nó a léiríonn gníomhaíocht mhídhleathach.

Áirítear leis sin:

  • Íomhánna nó aon ábhar eile a sháraíonn cearta dlí aon duine eile, lena n-áirítear cóipcheart. Chun tuilleadh faisnéise a fháil nó chun iarratas DMCA a chomhdú, athbhreithnigh ár nósanna imeachta cóipchirt.
  • Aon íomhá ina bhfuil mí-úsáid ghnéasach ar pháistí agus aon ábhar a chuireann páistí i láthair ar bhealach gnéasach.
  • Ábhar ar ghníomhartha contúirteacha nó mídhleathacha amhail: éigniú, díol orgáin, gáinneáil ar dhaoine.
  • Táirgí agus seirbhísí mídhleathacha: táirgí déanta d'ainmhithe atá i mbaol, drugaí mídhleathacha, drugaí ar oideas a atreoraítear chuig an margadh mídhleathach.
  • Íomhánna d'fhoréigean glinn nó gan chúis nó a chuireann foréigean chun cinn.
  • Ábhar a léirigh grúpaí sceimhlitheoireachta nó a léiríodh thar ceann grúpaí sceimhlitheoireachta.

Maidir le haon fhadhb dlí eile, roghnaigh an cluaisín "Cóipcheart nó fadhbanna dlí eile" ar an ngné "Tuairiscigh fadhb".

Sábháilteacht páistí

Ar Google Maps, ní cheadaímid ábhar a chuireann páistí i mbaol. Ná cruthaigh, ná postáil agus ná dáil ábhar a dhúshaothraíonna dhéanann mí-úsáid ar pháistí, agus ná húsáid táirgí nó seirbhísí Google chun páistí a chur i mbaol.

Áirítear leis sin:

  • Ábhar a dhéanann dúshaothrú gnéasach ar pháistí nó a chuireann páistí i láthair ar bhealach gnéasach.
  • Ábhar ina bhfuil iompar creachach, ábhar a ghlóiríonn nó a chuireann iompar creachach i láthair go dearfach, nó ábhar atá i bhfách le hiompar creachach.
  • Ábhar ina bhfuil léirithe ar mhí-úsáid mionaoiseach, ábhar atá i bhfách lé mí-úsáid mionaoiseach, nó ábhar a ghlóiríonn nó a chuireann mí-úsáid mionaoiseach i láthair go dearfach.
  • Ábhar a léiríonn nochtacht mionaoiseach dealraitheach, fiú mura dtagann sé faoi na catagóirí thuas.

Bainfimid ábhar sáraitheach agus déanfaimid beart cuí, lena n-áirítear tuairisciú do na húdaráis ábhartha nó don lucht forfheidhmithe dlí, teorainn a chur le rochtain ar ghnéithe táirge agus cuntais a dhíchumasú.

Conas is féidir le húsáideoirí sáruithe a thuairisciú?

  • Chun ábhar ar tháirge Google a thuairisciú, ar ábhar é a d'fhéadfadh dúshaothrú a dhéanamh ar pháiste, cliceáil Tuairiscigh mí-úsáid. Má aimsíonn tú ábhar in áit eile ar an Idirlíon, déan teagmháil dhíreach leis an ngníomhaireacht chuí i do thír.
  • Má chreideann tú go bhfuil páiste i mbaol nó go ndearnadh mí-úsáid, dúshaothrú nó gáinneáil air nó uirthi, déan teagmháil leis na póilíní láithreach. Má tá tuairisc déanta agat cheana féin do na póilíní agus má tá cabhair uait fós, nó má tá imní ort go bhfuil nó go raibh páiste i mbaol ar ár gcuid táirgí nó seirbhísí, is féidir leat an t-iompar a thuairisciú do Google.
Ábhar sceimhlitheoireachta

Coisceann Google Maps ábhar sceimhlitheoireachta agus úsáid na seirbhíse seo ag eagraíochtaí sceimhlitheoireachta chun críche ar bith, lena n-áirítear earcaíocht.

Áirítear leis sin:

  • Ábhar a spreagann foréigean, a chuireann gníomhartha sceimhlitheoireachta chun cinn nó a cheiliúrann ionsaithe sceimhlitheoireachta.
  • Ábhar a léirigh grúpaí sceimhlitheoireachta nó a léiríodh thar ceann grúpaí sceimhlitheoireachta.

Is féidir go gceadóimid ábhar a bhaineann le sceimhlitheoireacht chun críche oideachasúla, doiciméadaí, eolaíche nó ealaíonta má chuirtear dóthain faisnéise ar fáil d'úsáideoirí chun an comhthéacs a thuiscint.

Topaic neamhábhartha

Ná postáil ach ábhar atá bunaithe ar d'eispéireas nó ceisteanna faoi eispéiris ag suíomh ar leith.

Ní cheadaímid ábhar ina bhfuil tráchtaireacht ghinearálta, pholaitiúil nó shóisialta nó rachtanna pearsanta.

Fógraíocht agus iarratas

Ná postáil ábhar chun críoch fógraíochta nó iarratais.

Áirítear leis sin:

  • Ábhar promóisin nó tráchtála
  • Seoltaí ríomhphoist, uimhreacha gutháin, naisc meán sóisialta nó naisc le suíomhanna gréasáin eile a phostáil i do léirmheasanna
Ábhar Doiléir agus Athráiteach
Ábhar doiléir

Ní cheadaímid ábhar doiléir a phostáil ar Google Maps toisc go maolaíonn sé faisnéis úsáideach a sholáthraíonn Google Maps dá úsáideoirí.

Áirítear leis sin:

  • Ábhar a phostáil nach bhfuil brí leis ar fud teangacha, mar shampla grúpa randamach carachtar.
Ábhar athráiteach
Ní cheadaímid ábhar athráiteach a phostáil ar Google Maps toisc go maolaíonn sé faisnéis úsáideach a sholáthraíonn Google Maps dá úsáideoirí.
Áirítear leis sin:
  • An t-ábhar céanna a phostáil arís agus arís eile ón gcuntas céanna nó ó chuntais iomadúla
Milleadh agus Trioblóid
Ní cheadaímid ábhar a bhfuil sé mar aidhm aige láithreacht dhigiteach gné a mhilleadh nó damáiste a dhéanamh di. Áirítear leis sin faisnéis a chur in eagar faoi áit chun í a chur i láthair go míchuí nó ar chaighdeán íseal, mar chleas nó chun do thuairimí sóisialta nó polaitiúla a chur in iúl.
Tabhair aird ar na rialacha seo. Má dhéanann iompar úsáideoir Google Maps ar an ardán nó lasmuigh den ardán dochar dár n-úsáideoirí, pobal, fostaithe nó éiceachóras, is féidir go ndéanfaimid beart amhail pribhléidí cuntais a chur ar fionraí agus cuntas a fhoirceannadh. Nuair a bhíonn ábhar nó cuntais á n-athbhreithniú againn, cuirimid cineálacha éagsúla faisnéise san áireamh, lena n-áirítear an t-ábhar féin, faisnéis chuntais, gníomhartha úsáideora agus cé acu atá nó nach bhfuil patrún d'iompraíocht dhíobhálach ann, agus faisnéis eile a chuirtear ar fáil trí chórais tuairiscithe (más infheidhme) agus athbhreithnithe féintionscanta.

Need more help?

Try these next steps:

Cuardach
Glan an cuardach
Dún an cuardach
Príomh-roghchlár
7727432711105273612
true
Search Help Center
true
true
true
false
false