Baineann na polasaithe agus caighdeáin seo le gach ábhar arna ghiniúint ag úsáideoirí Maps, is cuma más ábhar arna ghiniúint ag an duine nó ábhar arna ghiniúint ag IS atá ann, lena n-áirítear:
- Léirmheasanna Téacs
- Rátálacha
- Íomhánna
- Físeáin
- Ceisteanna agus freagraí
- Fotheidil
- Haischlibeanna
- Clibeanna
- Naisc
- Meiteashonraí
Ní mór go mbeadh aon ábhar a fhoilsíonn tú ar ardáin Google ag cloí leis na polasaithe seo, agus le Téarmaí Seirbhíse Google, le Téarmaí Seirbhíse Breise maidir le Google Maps/Earth, le haon pholasaí táirge ábhartha eile agus le haon dlí agus rialachán áitiúil ábhartha. Chomh maith leis sin, ba cheart duit an méid atá sonraithe i bPolasaí Príobháideachais Google a chur san áireamh.
An bhfuil polasaithe á gcuardach agat a rialaíonn Street View arna bhailiú ag Google (seachas ábhar arna fhoilsiú ag úsáideoirí)? Féach ar ár bpolasaithe príobháideachais maidir le Street View arna chruthú ag Google.
Nach bhfuil tú cinnte cé a ghlac grianghraf? Is féidir leat a oibriú amach ar ghlac Google nó cuiditheoir seachtrach íomhá tríd an ainm aitreabúideachta nó tríd an deilbhín atá le fáil le gach íomhá a sheiceáil.