Nuair a bhraithimid gníomhaíocht léirmheasa amhrasach ar ghnólacht nó go sáraíonn gnólacht ár bpolasaithe, féadfaimid srianta a chur ar a Business Profile agus seans go dtiocfaidh tú ar na rudaí seo a leanas:
- Meirge: Seans go bhfeicfidh tú meirge ar leathanach an ghnólachta chun tú a chur ar an eolas gur baineadh léirmheasanna amhrasacha.
- Srianta Postála ar Léirmheasanna: Seans nach mbeidh tú in ann léirmheasanna nó rátálacha a phostáil maidir leis an áit ar feadh tréimhse ama.
- Léirmheasanna bainte: Seans go bhfolóimid léirmheasanna don ghnólacht ar feadh tréimhse ama.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil ar ár bpolasaithe ábhair, tabhair cuairt ar Pholasaí maidir le hábhar Maps arna ghiniúint ag úsáideoirí.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin bhfáth a gcuirimid teorainn le postáil a dhéanamh uaireanta, tabhair cuairt ar an leathanach Srianta Postála.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na gníomhartha a dhéanaimid má fhaightear amach go bhfuil gnólacht ag sárú ár bpolasaithe, tabhair cuairt ar leathanach Shrianta Business Profile.