Srianta rochtana ar ghnéithe mar gheall ar sháruithe polasaí

Uaireanta cuirimid srian le rochtain ar ghnéithe nuair a shainaithnítear sáruithe iomadúla nó diana ar an bpolasaí ábhair arna ghiniúint ag úsáideoirí Google Maps ("polasaí ábhair"). Má tá srian curtha le do rochtain ar ghnéithe, seans go mbainfear ábhar a bhaineann le do phróifíl Maps chomh maith.

Cad a tharlaíonn má chuirtear srian le do rochtain ar ghnéithe?

Nuair a chuirtear srian le do rochtain ar ghnéithe, seans go gcuirfear ar an eolas thú. I bhformhór na gcásanna, cuirimid an méid seo a leanas in iúl duit freisin:

  • Na gnéithe lena gcuirtear srianta ar rochtain
  • Cad is féidir leat a dhéanamh anois

Nuair a chuirtear srian le do rochtain ar ghnéithe, seans go marcálfar an t-ábhar a chuireann tú isteach mar "Níor postáladh", "Príobháideach", "Níor Glacadh leis", nó rud éigin cosúil leis sin. I gcásanna áirithe, seans go scriosfar d'ábhar nó d'eagarthóireachtaí go hiomlán mar gheall ar cheanglais dlí nó déine an tsáraithe.

Má cheapann tú go ndearnamar botún, seans go mbeidh tú in ann an srian rochtana ar ghnéithe a achomharc.

Má tá Próifíl Ghnó agus próifíl Maps ceangailte agat le do Chuntas Google, d'fhéadfadh sáruithe a tharlaíonn ar cheachtar den dá phróifíl a bheith ina gcúis le srianta rochtana ar ghnéithe thar an dá phróifíl.

Cad atá le déanamh má chuirtear srian le do rochtain ar ghnéithe

Tá fonn orainn cabhrú leat leanúint ar aghaidh ag cur leis, mar sin cuimhnigh ar na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  1. Foghlaim faoinár bpolasaithe ábhair le cinntiú go leanann d'ábhar agus d'iompraíochtaí ár bpolasaithe.
  2. Seiceáil le haghaidh fógraí a bhfuil seans ann go bhfuair tú iad maidir le baint ábhair roimhe seo chun tuilleadh sonraí a fháil faoi na sáruithe polasaí ar leith.
  3. I ndiaidh duit athbhreithniú a dhéanamh ar ár bpolasaithe, cuir ar an eolas muid má cheapann tú go ndearnamar botún. Seans go mbeidh tú in ann an cinneadh a achomharc i gcásanna áirithe. Faigh tuilleadh faisnéise maidir le baint ábhair a achomharc.

Leid: Má baineadh d'ábhar mar gheall ar shrian ar do Chuntas Google, déanfar athbhreithniú ar bhaint an ábhair mar chuid de d'achomharc chomh maith. Má scriostar ábhar, seans nach réiteofar do shrianta rochtana ar ghnéithe.

Seiceáil má cuireadh srian le do rochtain ar ghnéithe

Is féidir stádas do Chuntais Google, lena n-áirítear cé acu ar cuireadh srian le do rochtain ar ghnéithe mar gheall ar shárú/sháruithe polasaí nó nár cuireadh, a aimsiú i leathanach socruithe do Chuntais Google. D'fhéadfadh rochtain ar ghnéithe a bheith srianta mar gheall ar iompar sáraitheach chomh maith le hábhar sáraitheach a phostáil. Nuair a chuirtear srian le rochtain ar ghnéithe Cuntas Google, d'fhéadfadh sé go mbainfear ábhar eile a phostálann an Cuntas Google freisin.

Need more help?

Try these next steps:

Cuardach
Glan an cuardach
Dún an cuardach
Príomh-roghchlár
4829738528548815571
true
Search Help Center
true
true
true
false
false